Tá an cumadóir agus an fidléir cáiliúil as Co na Gaillmhe Paddy Fahey tar éis bháis. Bhí sé 102 bliain d'aois. 

B'as Cill Chonaill in oirthear an chontae do Paddy Fahey a chum os cionn 100 píosa ceoil ar fad.

Bronnadh gradam Cumadóir na Bliana TG4 ar Paddy Fahey sa bhliain 2001.

Bhí Paddy Fahey cumasach chomh maith ag casadh na fidile.

Bhásaigh sé in Ospidéal Portiuncla i mBéal Átha na Sluaighe ar maidin.